Image Alt

An tOileán

Suíomh

Tá Inis Oírr, ceann d’Oileáin Árann, i mBá na Gaillimhe ar chósta thiar na hÉireann. Is áit gan fuachas é le timpeallacht ghleoite agus teanga bhinn na Gaeilge. Is féidir eitilt chuig an oileán as Indreabhán i gConamara le Aer Árann nó taisteal ar bhád as Ros an Mhíl i gConamara nó as Dúlainn i gCo. an Chláir.

Is oileán gleoite aolchloiche é. Tá sé cosúil leis an mBoireann agus daonra de 250 ann ar feadh na bliana. Oileán Gaeltachta é Inis Oírr le stair agus cultúr saibhir rud a tharraingíonn go leor turasóirí chuig an oileán. Tá Oifig an Phoist, bus phoiblí, siopa, beáir, bialanna & caiféanna, óstán, brú & L&B, clós spraoi, trá shábháilte, bus pobail, ionaid cheardaíochta, Ionad Ealaíona agus Comharchumann ann. Is féidir dul ann chuile thráth den bhliain ar eitleán nó i mbád.

Rudaí le feiceáil agus suímh spéisiúla

Caisleán Uí Bhriain & Dún Formna

Caisleán Uí Bhriain & Dún Formna (Ar an gcnoc suas ón trá) Caisleán trí stóir a thóg na Brianaigh a bhí i gceannas an oileáin ó thart ar 1190 go 1585. Tá an caisleán tógtha taobh istigh de Dhún Formna a théann siar chomh fada leis an gClochaois.

Cnoc Raithní (In aice leis an bPáirc)

Is carn adhlactha ón gCréumhaois é an séadchomhartha seo agus thángthas trasna air arís in 1885 i ndiaidh stoirm ghainimh.

An Túr Faire

An Túr Faire (sách gar do Dhún Formna) – Tógadh é Ie linn réimeas Napoléon agus is ceann é de shraith túr a tógadh thart le cóstaí na hÉireann le fógairt ar na Sasanaigh faoi aon ionsaí farraige a bheadh ar an mbealach óna Francaigh.

An Seanscoil

An Seanscoil (cóngarach don Túr Faire) – tógadh in 1885 é agus bhí sé in úsáid go dtí 1940.

Teampall Chaomháin

Is é Caomhán naomhphatrún an oileáin, a bhí ina dheisceabal ag Naomh Éanna. Tá fothracha an tséipéil ag dul siar go dtí an 10-14ú céad agus bhíodh gaineamh shéidte le glanadh as san am atá caite. Tá go leor sliogán ar an mbealach isteach chun na reilige, dramhcharn ó aimsir na Luathchríostaíochta nó na meánaoise. Is anseo sa reilig atá Leaba Chaomháin freisin.

Loch Mór

Feiceann tú an loch má leanann tú ort soir ón reilig. Déanadh anailís ar shamplaí pailine ón loch a thugann le fios go raibh an t-oileán faoi bhrat crann na mílte bliain ó shin. Má leanann tú ort le hais na farraige tiocfaidh tú chomh fada leis an Plassy.

An Plassy

I 1960, cuireadh an Plassy suas ar charraig na Finise le linn stoirm fhiáin. Níor báitheadh aon duine mar shábháil na hoileánaigh chuile dhuine a bhí ar bord. Níos faide amach tá an Teach Solais agus oibríonn sé go huathoibríoch ón mbliain 1978. Tá sé 37m ar airde. Scairteann an solas 20 muirmhíle ó bhaile san oíche. Má shiúlann tú ar ais agus dul trí Bhaile an Fhormna amach an bóthar tiocfaidh tú ag Cill na Seacht nÍníon.

An Teach Solais

An Teach Solais (ar choirnéal thoir theas an oileáin). Tá an teach solais ag obair ó 1857. Tá sé 37m ar airde. Scairteann an solas 20 muirmhíle ó bhaile san oíche.

Cill na Seacht nÍníon

Cill na Seacht nIníon (leath bealaigh idir an Túr Faire agus An Loch) Go háitiúil tugtar ‘An Chill’ ar an áit seo. Tá sé comhartha ar an suíomh mainistreach is sine san oileán agus é luaite le Naomh Moininne, an chéad naomh a tháinig chun cónaí san oileán, ach ní iondúil go dtéann muintir na háite ann ar oilithreacht sa lá atá inniu ann.  Tá an “áit chodlata” sa mballa atá timpeall air an-chosúil leis na Catacómaí sa Róimh. Cé go dtugtar ‘Church of the Seven Daughters’ i mBéarla ar ‘Chill na Seacht nIníon’, i nGaeilge seasann ‘Seacht’ freisin do ‘go leor’ nó ‘roinnt’.

Tobar Éanna

Ag fágáil Thobar Éanna duit cas ar dheis i dtreo an chladaigh agus ansin ar dheis arís. Tóg an chéad bhóthar a chasann ar dheis tar éis 1km. agus tiocfaidh tú amach in aice le Cill Ghobnait.

Cill Ghobnait

Tá píosa dealbhóireachta, a dhéan an dealbhóir Eileen Mac Donagh as aolchloch Inis Oírr, taobh amuigh den suíomh seo. Tógadh an séipéilín beag – Teampall Ghobnait, san 8ú nó 9ú haois. Deirtear gur theith Naomh Gobnait, patrún Bhaile Bhuirne go hInis Oírr le n-éalú óna naimhde ar an mórthír. Ag fágáil Cill Ghobnait duit, tabharfaidh siúlóid bheag suas an cnoc go dtí Áras Éanna tú, nó tabharfaidh siúlóid ghearr síos an cnoc ar ais go dtí an chéibh tú.

An Cloch Cuimhneacháin

Tá an chloch seo curtha suas in omás do na daoine uilig a bádh as Inis Oírr.