Image Alt

Eolas faoin rás

Clárú

Caithfidh tú clárú le páirt a ghlacadh sa rás ‘Inis Oírr Wild Atlantic Island Run’ 2024. Ní féidir leat clarú ar an lá.

Táille Iontrála

Rás 10k bóthair: €50

Rás 5k bóthair: €50

Aois 13-17 bliain – €20

Faoi 12 bliain – €10

  • Chip Timing
  • Sólaistí ar fáil roimh agus tar éis an rása.
  • Mapa de chúrsa an oiléain
  • Duais do 1ú,2ú,3ú Bean & 1ú,2ú,3ú Fear sa Rás 5k agus 10k araon

Cliceáil ar an gceist thíos chun an freagra a fheiceáil.

Céard é data an rása?

Dé Sathairn 5 Aibreán 2025.

Cén t-am a dtosóidh an rása?

Tosóidh gach rása ag 1pm.

Cén fad atá an Rás?

5K agus 10K

Cén uair a n-osclóidh na hiontrálacha?

Is féidir clárú ar líne go dtí 3 Aibreán 2025.

Cén uair a mbaileoidh me m’uimhir don rás?

Beidh dáileadh uimhreacha agus t-léinte do na rásaí ar siúl idir 10.00.r.n -12.00i.n sa halla.

Céard é an táille iontrála?

Rás 10k bóthair: €50
Rás 5k bóthair: €50
Aois 13-17 bliain – €20
Faoi 12 bliain – €10

Céard a tharlaíonn nuair a dhéanaim iontráil ar line?

Próiseailfear sonraí do chárta creidmheasa agusd bainfear an táille iontrála as. Gheobhaidh tú rphost le do Uimhir Admhála ann.

An mbeidh an táille le fail ar ais nó coinnithe dom mura féidir liom rith?

Tá brón orainn ach ní féidir linn an t-airgead a aisíoc ná a choinneáil duit.

An bhfeadfaidh mé mo uimhir a aistriú mura féidir liom rith?

Glacfaimid le haistriú iontrála suas go dtí 28 Márta 2025. Seol r-phost chuig eolas.gobnait@gretb.ie agus “Éileamh ar Athrú Ainm iontrála” roimh 28ú Márta 2024.

An mbeidh an cúrsa marcáilte?

Beidh an cúrsa marcáilte agus maoirsithe mar is gá.

Cá bhfágfar bagáiste?

Beidh áit bagáiste san áit a dtosóidh/gcríochnóidh an rás. Caithfidh lipéid le do uimhir rás a bheith ar. Cé go ndéanfar gach iarracht an áit seo a choinneáil slán ní ghlacfaidh eagraitheoirí as rudaí a bheith fágtha ann.

An mbeidh ionaid uisce ar chúrsa an rása?

Beidh uisce le fáil timpeall leath bealach tríd an rás. Beidh soláistí ar fáil sa Halla nuair a bheidh an Rása thart.

Cá bhfuil na leithris?

Tá leithris san áit a dtosóidh/gcríochnóidh an rása.

Cá mbeidh ana hionaid Garchabhrach?

Beidh garchabhair ag dhá ionad ar a laghad de na ráschursaí.

Beidh ceann ag an tús/críoch líne agus an dara ceann ag áit chuí ar an ráschúrsa. Agus beidh Freagróirí Garchabhrach ar fáil le linn an rása freisin.

Cén uair a mbeidh na torthaí ar fáil?

Déanfaimid iarracht torthaí a bheith ar fáil chomh luath agus is féidir I ndiadh an rása agus
beidh siad ar fáil ar an suíomh gréasáin anseo.

An bhfuil am leagtha síos do chríochnú an rása?

Tá- Críochnófar an rás go hoifigiúil ag 3.00i.n.

Tabharfidh sé seo neart ama do chúrsa a shiúl má thosaíonn siad ag 1.00i.n.

Cá bhfuil Inis Oirr?

Is oileán é Inis Oirr suite amach ó chósta thiar na hÉireann I gCuan na Gaillimhe.

Tá sé ar cheann den ghrúpa oileán ar a dtugtar Oileáin Árann.

Cén chaoi a rachaidh mé go hInis Oirr?

Is féidir leat eitilt le Aer Arann as Indreabhán nó bad a fháil as Ros a Mhil I nGaillimh. Nó bád a fháil as Dúlainn. Níos mó eolas ar an leathanach Taisteal >>

An bhfuil lóistín ar fáil ar an oiléan don Rása?

Is féidir na cineálacha difriúla lóistín atá ar an oiléan le fáil anseo >>

Cá bhfaighdih mé Eolas breisie?

Rphost a sheoladh: eolas.gobnait@gretb.ie
Fón: 099-75016 / 087- 22332520

T-LÉINE AR FÁIL LE CLÁRÚ AR LÍNE

Beidh T-léine ar fáil do gach duine atá cláraithe roimh 24 Feabhra 2025.