Image Alt

Taisteal

Ag Sroichint Ceann Scríbe

Tá bealaí éagsúla ann chun Inis Oirr a bhaint amach. Is féidir leat taisteal ar eitleán agus ar bhád freisin.

Eitil go hInis Oírr le:

Aer Árann

Guthán: +353 (0)91 593034

www.aerarannislands.ie

 

Tá an t-aerfort in Indreabhán, 30km siar as Cathair na Gaillimhe, taobh thiar den Spidéal ar bhóthar an chósta. Bíonn eitiltí laethúla ann agus le linn an tséasúir turasóireachta d’fhéadfadh suas le 25 eitilt sa ló a bheith ann.

 

Ní thógann an turas ach 10 nóiméad.

Tóg Bád go hInis Oírr as Ros a Mhíl le:

Tá Ros an Mhíl i gConamara, 40 km siar as Cathair na Gaillimhe, taobh thiar den Spidéal ar bhóthar an chósta.Tógann an turas báid timpeall 1 uair an chloig go hInis Oírr.

 

Seolann báid farantóireachta as Ros an Mhíl ar feadh na bliana.

Aran Island Ferries

 

Tel: +353 (0)91 572050

www.aranislandferries.com

Tóg Bád go hInis Oírr as Dúlainn le:

Bíonn báid farantóireachta ag dul idir Inis Oírr agus Dúlainn atá ar chósta thuaidh Cho. an Chláir, cóngarach D’Ailltreacha an Mhóthair. Tógann an turas báid 15 noimeád. Níl Inis Oírr ach 8 km as Dúlainn. Bíonn báid ann go laethúil (ag brath ar aimsir) ó mí Márta go Samhain. Ní mór teagmháil a dhéanadh leis an gcomhlacht Doolin Ferry roimh taisteal má tá an aimsir go dona.

The Doolin Ferry Company

Tel: +353 (0)65 7075555

www.doolinferry.com

Taisteal ar Inis Oírr

Síob an Phobail

 

Tel: +353 (0)99 75979 / +353 (0)87 2298039

cleasteo@gmail.com

 

Bíonn bus poiblí Inis Oírr ar an mbóthar 7 lá na seachtaine ar feadh na bliana.