Ag Sroichint Ceann Scríbe
Tá bealaí éagsúla ann chun Inis Oirr a bhaint amach. Is féidir leat taisteal ar eitleán agus ar bhád freisin.
Eitil go hInis Oírr le:
Aer Árann
Guthán: +353 (0)91 593034
Tá an t-aerfort in Indreabhán, 30km siar as Cathair na Gaillimhe, taobh thiar den Spidéal ar bhóthar an chósta. Bíonn eitiltí laethúla ann agus le linn an tséasúir turasóireachta d’fhéadfadh suas le 25 eitilt sa ló a bheith ann.
Ní thógann an turas ach 10 nóiméad.

Tóg Bád go hInis Oírr as Ros a Mhíl le:
Tá Ros an Mhíl i gConamara, 40 km siar as Cathair na Gaillimhe, taobh thiar den Spidéal ar bhóthar an chósta.Tógann an turas báid timpeall 1 uair an chloig go hInis Oírr.
Seolann báid farantóireachta as Ros an Mhíl ar feadh na bliana.
Lascainí Aran Island Ferries
Cód Promo: IORUN25
Tá an cód bailí ón lá inniu go dtí meán oíche an 30ú Márta, 2025. Íocfaidh rannpháirtithe a dhéanann áirithint tar éis an dáta seo an táille iomlán. Ceadaíonn an Cód Promo do rannpháirtithe ticéid bhabhta a chur in áirithe chun taisteal chuig / ón Oileán ar dhátaí idir an 4ú–6ú Aibreán, 2025. Féach le do thoil ar aranislandferries.com/booking, roghnaigh do dhátaí agus amanna seolta go hInis Oírr, agus cuir isteach an Cód Promo ag bun an leathanaigh.
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach féidir leis an bhfoireann san oifig an lascaine a chur i bhfeidhm ar áirithintí a dhéantar ar an bhfón – ní mór gach áirithint le Cód Promo a dhéanamh tríd an suíomh gréasáin..
Íocfaidh rannpháirtithe a dhéanann áirithint tar éis an dáta seo an táille iomlán.

Tóg Bád go hInis Oírr as Dúlainn le:
Bíonn báid farantóireachta ag dul idir Inis Oírr agus Dúlainn atá ar chósta thuaidh Cho. an Chláir, cóngarach D’Ailltreacha an Mhóthair. Tógann an turas báid 15 noimeád. Níl Inis Oírr ach 8 km as Dúlainn. Bíonn báid ann go laethúil (ag brath ar aimsir) ó mí Márta go Samhain. Ní mór teagmháil a dhéanadh leis an gcomhlacht Doolin Ferry roimh taisteal má tá an aimsir go dona.
Ag Taisteal ó Dhúlainn le The Doolin Ferry Company
Ba bhreá linn lascaine 15% a thairiscint do rannpháirtithe ar thaisteal chuig agus ón oileán ó Dhúlainn.
Cód Promo: WRun25
Tá an cód bailí ón lá inniu go dtí an 21 Aibreán, 2024.
Is féidir le rannpháirtithe leas a bhaint as lascaine 15% ar thicéid bhabhta farantóireachta chun taisteal chuig / ón Oileán ar dhátaí idir an 4ú Aibreán agus an Domhnach, an 6ú Aibreán, 2025.
Féach le do thoil ar doolinferry.com, roghnaigh do dhátaí agus amanna seolta go hInis Oírr, agus cuir isteach an Cód Promo ar an gcéad leathanach eile.

Taisteal ar Inis Oírr
Síob an Phobail
Tel: +353 (0)99 75979 / +353 (0)87 2298039
Bíonn bus poiblí Inis Oírr ar an mbóthar 7 lá na seachtaine ar feadh na bliana.
