
Céard é data an rása?
Cén t-am a dtosóidh an rása?
Cén fad atá an Rás?
Cén uair a n-osclóidh na hiontrálacha?
Cén uair a mbaileoidh mé m’uimhir don rás?
Céard é an táille iontrála?
Rás 10k bóthair: €50
Rás 5k bóthair: €50
Aois 13-17 bliain – €25
Faoi 12 bliain – €15
Céard a tharlaíonn nuair a dhéanaim iontráil ar líne?
Próiseáilfear sonraí do chárta creidmheasa agus bainfear an táille iontrála as. Gheobhaidh tú rphost le do uimhir admháil ann.
An mbeidh an táille le fail ar ais?
Tá brón orainn ach ní féidir linn an t-airgead a aisíoc.
An bhfeadfaidh mé mo uimhir a aistriú mura féidir liom rith?
Glacfaimid le haistriú iontrála suas go dtí 4 Aibreán 2027. Seol r-phost chuig eolas.gobnait@gretb.ie
An bhfaigheann gach rannpháirtí atá cláraithe bonn?
An mbeidh an cúrsa marcáilte?
Beidh an cúrsa marcáilte agus maoirsithe mar is gá.
Cá bhfágfar bagáiste?
Beidh áit bagáiste san áit a dtosóidh/gcríochnóidh an rás. Caithfidh lipéid le do uimhir rás a bheith ar. Cé go ndéanfar gach iarracht an áit seo a choinneáil slán ní ghlacfaidh eagraitheoirí as rudaí a bheith fágtha ann.
An mbeidh ionaid uisce ar chúrsa an rása?
Beidh uisce le fáil timpeall leath bealach tríd an rás. Beidh soláistí ar fáil sa Halla nuair a bheidh an Rása thart.
Cá bhfuil na leithris?
Tá leithris san áit a dtosóidh/gcríochnóidh an rása.
Cá mbeidh ana hionaid Garchabhrach?
Beidh garchabhair ag dhá ionad ar a laghad de na rás chursaí.
Beidh ceann ag an tús/críoch líne agus an dara ceann ag áit chuí ar an rás chúrsa. Agus beidh Freagróirí Garchabhrach ar fáil le linn an rása freisin.
Cén uair a mbeidh na torthaí ar fáil?
Déanfaimid iarracht torthaí a bheith ar fáil chomh luath agus is féidir i ndiadh an rása agus beidh siad ar fáil ar an suíomh gréasáin anseo.
An bhfuil am leagtha síos do chríochnú an rása?
Tá- Críochnófar an rás go hoifigiúil ag 3.00i.n.
Tabharfidh sé seo neart ama do chúrsa a shiúl má thosaíonn siad ag 1.00i.n.
Cá bhfuil Inis Oirr?
Is oileán é Inis Oírr suite amach ó chósta thiar na hÉireann I gCuan na Gaillimhe.
Tá sé ar cheann den ghrúpa oileán ar a dtugtar Oileáin Árann.
Cén chaoi a rachaidh mé go hInis Oirr?
Is féidir leat eitilt le Aer Arann as Indreabhán nó bad a fháil as Ros a Mhil I nGaillimh. Nó bád a fháil as Dúlainn. Níos mó eolas ar an leathanach Taisteal >>
An bhfuil lóistín ar fáil ar an oiléan don Rása?
Faigh an t-eolas is déanaí faoi Inis Oírr, lena n-áirítear lóistín, anseo.
Faigh amach Inis Oírr Beo, an aip soghluaiste d’áitritheoirí agus do chuairteoirí Oileán Inis Oírr.
Cá bhfaighdih mé eolas breise?
Rphost a sheoladh: eolas.gobnait@gretb.ie
Fón: 099-75016 / 087- 22332520
Saghasanna t-léine do pháistí & dhaoine fásta. Cláraigh roimh an 27 Feabhra chun do cheann a chinntiú.

