Image Alt

Rás Fíorúil do 2021

Rás Fíorúil do 2021

Mar gheall ar shrianta COVID-19, beidh an rás ‘Inis Oírr Wild Atlantic Island run’ ag tarlú go fíorúil.

Tugaim cuireadh duit an rás seo a dhéanamh ar mhaithe lenár n-ócáid tiomsaithe bliantúil do Choláiste Ghobnait.

An dúshlán atá ag Coláiste Ghobnait daoibhse – 150 KM a shiúl/rith timpeall ár nOileán gleoite idir 1ú – 30ú Aibreán 2021.

Tá bealach an ráis pleanáilte go fíorúil againn daoibh.

Caithfidh tú clárú le páirt a ghlacadh sa rás ‘Inis Oírr Wild Atlantic Island run’.

Cliceáil ar an nasc seo https://www.njuko.net/inis-oirr-wild-atlantic-run

Más mian leat síntiús a thabhairt is féidir sin a dhéanamh – cliceáil ar an nasc seo https://www.idonate.ie/event/2707_inis-o-iacute-rr-wild-atlantic-island-run.html